Monday, September 10, 2012


                                                                                Ceist Shamplach 2012

An tEarrach Thiar

Mairtín Ó Direáin

 

10ú Meán Fómhair 2012

Ms. Cosgrove

 

Na Ceisteanna

1.       Suíomh an Dáin

2.       Mar a chuaigh an dán i gcion ortsa.

 

Suíomh an Dáin

Tá an dán seo suite ar Inis Mór, Árann. Rugadh agus tógadh Mairtín Ó Direáin in Inis Mór agus níl aon dabht againn go bhfuil ról tábhachtach ag an oileán i saol an fhile agus chum sé an dán seo chun an grá áite sin a léiriú dúinn. Chuaigh Mairtín chun obair i mBaile Átha Cliath agus bhain sé úsáid as na cuimhní atá aige dá óige chun éalú ón t-uaigneas sa chathair. Tuigimid an t-uaigneas a bhain le daoine tuaithe sa chathair. Samhlaíonn sé siar agus úsáideann an file an t-oileán mar shuíomh an dáin seo

Piocann an file íomhanna a bhaineann le gnáthimeachtaí an tsaoil ar an oileán. Na híomhanna agus na fuaimeanna a bhaineann le saol an oileáin agus a hóige. Fear ag obair sa gharraí agus ag glanadh an cré dá spád. Fear eile ag bailiú feamainne cois farraig chomh maith leis na mná ag obair cois farraige. An íomhá deireanach nó an fir ag teacht abhaile leis na báid lán le héisc.  Cloisimid fuaim na maidí rámha ag bogadh trid an uisce. Go deimhin íomhánna a léiríu  suíomh an oileáin.

Tugann teideal an dáin seo léargas dúinn ar suíomh an dán agus suíomh an oileáin. Tá an dán seo lonnaithe san Earrach. Tuigimid an tábhachtach a bhaineann leis an Earrach san oileán. Bíonn an geimreadh crua ar mhuintir an oiléain agus fánann siad don Earrach chun dul amach ar an bhfarraige agus chun obair sna páirceanna. Tá síochán agus suaimhneas ag baint leis na híomhanna seo don fhile. Feicimid an tábhachtach a bhaineann lena bhaile dúchais ina shaol mar chruthaíonn sé dán a léiríonn muintir agus imeachtaí an oileáin.

Dathnaíonn an file suíomh ídealach den oilean, grian ag taitneamh, bád lán le héisc agus farraige ciúin. Úsáideann an file meatonaime chun fuinneog a oscailt dúinn chun blas a bhaint de saol an oiléain agus an súiomh sona a chruthaíonn an file sa dán seo.

Creidim gur phioc an file an t-oileán mar suíomh an dán seo chun léiriú dúinn mar léitheoirí an grá atá aige dá bhaile dúchais.

 

 

Mar a chuiagh an dán i gcion ortsa

 

Caithfidh mé a adhmháil gur bhain mé sult as an dán seo.  Is liric deas í ina a chruthaíonn an file pictíur deas dúinn den saol ar Inis Mór,  Árann trí na híomhanna, fuaimeanna, friotal agus teicnicí fileata a úsáideann sé sa  dán seo.

Thaitin na híomhanna go mór liom. Léiríonn na híomhanna saol an oileáin sna blianta 1910-1928 nuair a bhí an file ag fás aníos ar an oiléan. Léiríonn sé dúinn gnáthimeachtaí saol an oileáin, ní fir ag obair sa gharraí agus ag bailiú feammanie cois cladagh. Tuigimid an tábhachtach a bhain leis an bhfeammanie mar d’úsáid siad an feammanie don ithir chun é a leasú. Feicimid na mná ag obair sna locáin agus a gcótaí tí orthu.  Feicimid an nós a bhí ag mná ag an am coati oibre a chaitheamh nuair a bhí said ag obair. Feicimid na báid ag teacht abhaile lán le héisc agus farraige bhreá chiúin. Thaitin an stair sa dán seo liom. Tá go leor le foghlaim faoi stair sóisialta na tire seo sa dán “ An tEarrach Thiar”.

Bhain mé sult as an dearcadh a léiríonn an file sa dán seo. An grá atá aig dá áit dúchaid. Tuigim an grá sin mar tá an grá céanna agamsa le haghaidh mo cheantar féin. Cruthaíomm an file pictiúr ídealach dúinn den oiléan rud nach bhfuil neamhghnáthach nuair a bhíonn duine ag déanamh cur síos ar an nhailoe dúchais.

Caithfidh mé a adhmháil, tríd is tríd bhaine mé an taithneamh as an dán seo “ An tEarrach Thiar”.

Thursday, September 6, 2012


Ceist Scrúduithe 2012
An tEarrach Thiar
An File
6ú Meán Fómhair 2012
Ms. Cosgrove

Níl aon dabht go bhfuil Mairtín Ó Direáin ar cheann de na filí is cailiúla sa tír seo. Tá sé ar cheann de mórfhilí na Gaeilge coisiúil le scríbhneoirí eile na Gaeilge, Seán Ó Riordain agus Padraic O Conaire. Tá go leor dánta scríofa ag an bhfile a chuaigh go mór i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann.

Rugadh agus tógadh Mairtín Ó Direáin ar Inis Mór, Árann sa bhliain 1910. Is léir dúinn ó na dánta atá scríofa ag an bhfile seo go bhfuil dúil mór agus grá mór ag an bhfile don oileán. Is léir dúinn go bhfuil áit speisialta ag an oileán ina shaol. D’fhág sé an t-oileán nuair a bhfuair sé post in Oifig an Phoist, Gaillimh agus lean sé ar aghaidh go Baile Átha Cliath chun obair mar státseirbhís. Ní raibh an file compordach riamh sa chathair. Bhraith sé uaigneach ann agus bhraith sé an t-oileán uaidh. Bhí sé ina choimhthíoch sa chathair dar leis féin.

Tuigimid saol pearsanta an fhile trí na dánta a chum seo. Feicimid téama an grá don oileán agus stair sóisialta an oileáin sna dánta. Is léir dúinn gur úsáid an file cuimhní a óige chun ealú ón mbrú agus struas na cathrach. Tá na teamaí seo le feiceáil sna dánta “ An tEarrach Thiar” agus “Faoiseamh a Gheobhadsa”

Tá stíl breá simplí ag an bhfile agus úsáideann sé íomhánna deasa agus fuaimeanna ina chuid filíochta. Feicimid véarsaí atá bunaithe ar ghnáthchaint na ndaoine.

Creidim go láidir go bhfuil Mairtín Ó Direáin ar cheann de na filí is cailiúla a chum filíochta as Gaeilge. 

An tEarrch Thiar

Mairtín Ó Direain

 

MeánFómhair 2012

Ms. Cosgrove

Ceist shamplach : Paipéar Scrúduithe 2012

1.      “ Baineann an file úsáid éifeachtach as íomhánna agus as fuaimeanna chun a bhfuil ina chroí istigh a nochtadh dúinn sa dán An tEarrach thiar “

Déan plé gairid ar an ráiteas sin.

2.      Críochnaíonn gach véarsa leis an line “San Earrach thiar”. Cén éifeacht a bhaineann le hathrá na bhfocal sin, dar leat

3.      Scríobh nóta gairid ar shaol agus ar shaothar an fhile seo.

 

Ceist 1

Gan amhras ar bith aontaím leis an ráiteas thuas go mbaineann an file úsáid éifeachtach as íomhanna agus fuaimeanna chun ruin agus mothúchain a chroí istigh  a nochtadh. Is léir dúinn ón dán seo go bhfuil cion agus grá láidir ag an bhfile dá áit dúchais, Inis Mór, Árann. Léiríonn an file an meas atá aige don oileán dúinn trí na híomhánna agus na fuaimeanna a úsáideann sé sa dán seo.

Sa chéad véarsa faighimid pictiúr de fhear ag obair sa gharraí ag glanadh a spáide. Sin íomhá an Earraigh. Lá bhreá álainn agus an fear ag obair sa pháirc. Tá fuaim ag baint leis an íomhá seo freisin, fuaim na hoibre an fear ag glanadh an cré den spád. Tá ról tábhachtach ag an íomhá seo sa dán mar léiríonn sé dúinn an bród atá ag an bhfile dá áit dúchais agus na cuimhní deasa atá ina chroí den áit.

Sa dara véarsa faighimid pictiúir de fhear ag bailiú feammaine agus ag grian ag lonrú ar an bhfeammaine. Íomha eile den saol ídealach agus an pictiúr ídealach den oileán atá i gcroí an fhile. Sa triú véarsa tá pictiúr de mhná cois cladaigh ag obair agus a gcótaí tí orthu. Pictiúr eile ó chuimhní an fhile.

Sa cheathrú véarsa tá iomhá de na fir ag teacht abhaile sna báid atá lán le héisc. Tá an fharraige bhreá chiúin agus tá fuaim na maidí ramha le cloisteáil ag iomartha trí na tonnta. Tugann an file pictiúr ídelach breá dúinn anseo freisin. Lá álainn san Earrach agus neart le hithe ón bhfarraige agus muintir an oileáin ábalta slí maireachtála a dhéanamh dóibh féin ón talamh nó ón bhfarraige. Gnáthimeachtaí an oileáin i gcroí agus cuimhní an fhile.

 

Níl aon dabht againn ó thus deireadh na híomhanna agus na fuaimeanna atá le fail sa dán seo go léiríonn said an grá agus an bród atá i gcroí an fhile don oileán. Braithaimid an cumha freisin mar bhí na cuimhí seo an tábhachtach don fhile chun ealú ón mbrú agus struas an tsaoil sa chathair. Tá maoithneachas deoraí dá bhaile dúchais le brath go láidir sa dán seo freisin. Níl aon dabht go bhfuil na gnéithe thuas i gcroí an fhile agus léiríonn an file na mothúcháin atá ina chroí dúinn trí na híomhanna agus na fuaimeanna a úsáideann sé sa dán seo.

 

Ceist 2

Creidim go bhfuil an curfá an-éifeachtach sa dán seo an tEarrach Thiar. Úsáideann an file athrá ag deireadh gach véarsa nuair a úsáideann sé an line “san Earrach Thiar” Baineann an file úsáid as an athrá chun béim a chur ar an teachtaireacht atá a dhéanamh aige sa dán seo. Cruthaíonn an file pictiúir dúinn den gnáthshaol an oileáin san Earrach, fear ag obair sa gharraí, fear eile ag bailiú feammaine, mná ag obair cois farraige agus na fir ag teacht abhaile ar na báid lán le héisc. Sin saol an oileáin nuair a bhí an file ag fás aníos ar an oiléan. Ta an file ag iarraidh pictiúr breá a chur os ár gcomhair den áit. Níl an dabht agam ón athrá atá le fail sa dán go raibh séasúr an earraigh an tábhachtach ar an oileán . Tuigimid go maith ó stair sósialta na tire seo go raibh séasúr an geimhridh crua ar na hoileáin, ganntanas bia go háirithe. Tuigimid ón dán go bhuil an tEarrach níos deise do mhuintir an oileáin mar bheadh an aimsir níos fearr don fheirmeoireacht agus bheadh an fharraige níos ciúine don iascaireacht. Níl aon dabht agam go mbaineann an file úsáid as an athrá go forleathan sa dán chun téama an dáin a treisiú agus sin é saol an oileáin agus an grá agus an bród atá ag an bhfile dá áit dúchais.

Monday, September 3, 2012


An tEarrach Thiar

Mairtín Ó Direáin

Ceisteanna Samplacha

 

Meán Fómhair 2012

Ms. Cosgrove

Téama an dáin

Cruthaíonn an file Mairtín Ó Direáin pictiúr dúinn de saol an oileáin. Rugadh agus tógadh an file Mairtín Ó Direain ar Inis Mór, Árann. Rugadh an file ar an oileán sa bhliain 1910 agus chaith sé a óige ar an oiléan go dtí go bhfuair sé post in Oifig an Phoist, Gaillimh. Chaith sé tamall ag obair i nGillimh agus bhog sé go Baile Átha Claith tamall ina dhiaidh sin. D’oibrigh sé mar státseirbhís i mBile Átha Cliath. Bíonn grá an fhile dá áit dúchais le feiceáil go forleathan ina gcuid filíochta. Ficimid ina chuid chnuasach filíochta go bhfuil ról láidir ag saol an oileáin agus an grá agus bród atá ag an bhfile dá áit dúchais. Is é saol an oileáin agus an grá áite atá ag an bhfile don oileán an téama is láidre sa dán seo an tEarrach Thiar.  Úsáideann an file ceithre íomhá láidir chun an téama seo a léiriú dúinn. Is léir dúinn go bhfuil íomhá ídealach ag an bhfile den oileán. Sa chéad véarsa feicimid íomhá de fhear ag obair sa gharraí ag glanadh a spáide. An grian ag taiteamh agus cuireann an file béim ar an bhfuaim, fuaim na hoibre sa véarsa seo. Sa dara véarsa tá íomhá de fhear thíos ag an trá ag bailiú feammaine, agus an griain ag lonrú ar an bhfeammaine. Sa triú véarsa tá na mná thíos ag an trá ag caitheamh a gcótaí tí, ag bailiú feammaine nó carraigín nó sliogiasc agus an íomhá deireanach atá le fáil sa dán seo nó na báid ag teacht abhaile, lán le héisc.

Is léir dúinn nuair a dhéanaimid taighde agus staidéar ar an dán seo go bpiocann an fhile gnáthíomhánna de saol na hoileáin chun a ghrá agus bród don áit a léiriú dúinn. Tá cion le brath go láidir agus maoithneachas. Brathaimid sa dán gur mhothaigh An Díreanach ina coimhthíoch sa chathair agus piocann sé na gnathíomhanna de saol an oileáin chun faoiseamh agus sásamh a fháil ón uaigneas sa chathair.

Tá ról láidir ag na friotail a úsáideanna an file sa dán seo chun a phointe a treisiú agus téama an dáin a treisiú. Baineann sa úsáid as athrá chun béim a chur ar na gnáthimeachtaí a tharlaíonn ar an oileán le linn an Earraigh. Musclaíonn sé na ceadfaí tri na íomhánanna agus nja fuaimeanna a úsáideann sé sa dán seo. Tarraingíomm sé íomhá de saol shona álainn ar an oileán chun brú nó struas.

Gan amhras ar bith is é saol an oileáin agus grá an fhile dá áit dúchais an téama is treise sa dán seo agus léiríonn an file an téama seo dúinn trí na híomhanna, na mothúcháin agus na friotal a úsáideann sé sa dán seo.

An tEarrach Thiar

Mairtín Ó Direáin

 

Lúnasa 2012

Ms. Cosgrove

 Frásaí Tábhachta

 

·         Téama

·         Íomhanna

·         Mothúcháin

·         Fuaimeanna

·         Athrá

·         Friotal

·         Teicníochtaí liteartha

·         Meadaracht

·         Siombailí

·         Atmaisfeár

·         Meon agus dearcadh an fhile

 

Focail Nua

Státseirbhís                              Cumha

Cuimhní                                  Curfá

Luach                                      Céadfaí

Baile dúchais                           maoithneachas

Fadó

Radharcanna

Fuaimeanna

Cumha

Comshondas

Wednesday, August 29, 2012


An Córas Oideachais

 

Is ceist phráinneach í an córas oideachais sa tír seo. Tá go leor tuairimí éagsúla ag daoine ar an gcóras oideachais sa tír seo. Gach uair a chásaimid an teilifís nó an radio ar siúl bíonn scéalta le fáil faoin gcóras oideachais, athruithe atá le déanamh nó daoine ag gearrán. Ceapaim go bhfuil ról fíor tábhachtach ag an gcóras oideachais sa tír seo agus sa sochaí go ginerálta. San aiste seo beidh mé ag déanamh machnaimh ar na gnéithe is tábhachtaí ó thaobh oideachais de, an bunscoil, méanscoil agus ollscoil. Feicfidh mé ar scrúduithe agus an brú agus struas a bhíonn ar dhaoine óga.

 

Ar dtosach báire ba mhaith liom m’aiste a thosnú ag an tús leis an mbunscoil. Tosaíonn páistí ag an mbunscoil nuair a bhíonn siad ceithre bliana d’aois. Déanann na daltaí staidéar ar rogha leathan ábhar mar shampla Gaeilge, Béarla, Máta agus múintear scileanna sríbhnóireacht dóibh agus léitheoireacht. Déanann an córas oidechais forbairt ar na páistí mar dhaoine freisin ach ceapaim go bhfuil cúpla bealach ina féidir leis an góras oideachais feabhsú ag an mbunscoil. Ceapaim go mbeadh sé iontach ó thaobh mo thaithí pearsanta féin go mbeadh deis an daltaí tús a chur le foghlaim teanga iasacht sa bhunscoil agus ceapaim go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh níos mó béime ar an ngaeilge labhartha sa bhunscoil.

An Aiste

5ú Bliain

 

Bealtaine 2012

Ms. Cosgrove

 

Frásaí Tábhachtacha

 

Creidim go láidir

Is Í mo thuairm  pearsanta

Measaim / Silím

Gan amhras ar bith / Gan dabht ar bith

Feicimid / Is léir dúinn / Cuirtear os ár gcomhair

Caithfidh mé a adhmháil

Adhmhaíonn ( Briathar a chur san fhoirm cheart )

Tá fios ag madraí na stráide / Tá fios ag an domhan is a máthair

Gan aon agó

Faraor / Mo lean

Tá dulgas orainn go léir

Dícheall ( a dhéanamh ) ( aidiacht shealbhach )

Cúis tábhachtach

Fadhb a réiteach/ dul i ngleic / chomhoibriú / teacht le céile

Machnamh  ( a dhéanamh )

Dul chun cinn / feabhas